Thursday, March 21, 2013

What is the point of speaking Irish!? #SnaG


Conas atá sibh youtube? CODasGAEILGE anseo, an chéad 'channel' a labharann Gaelainn thar chluichí
ríomhaireachta riamh sa domhan!

Fáilte róimh thar n-ais. Anois, theastaigh uaim fís beagánín difriúil a dhéanamh inniu, agus ah caithfead-mé i dtús báire mo leiscéal a ghabháil daoibh as an teideal Béarla a chuireas ar an bhfís seo. Theastaigh uaim go gcífeadh réimse níos leithne daoine an fís. Anois ar aghaidh linn go dtí an cheist a bheimid ag plé....
Cad é an pointe Gaelainn a labhairt? Seo ceist a fhaighim ó am go ham, ah uaireanta ceist gan chor is ea í, uaireanta eile cuirtear an cheist orm i slí gránna éigean, 's dócha ó amadán éigean nach bhfoghlamóidh teanga eile riamh.

Ach ah..anois ní chuireann an cheist seo fearg orm ach cuireann sé saghas ionadh orm. Nach bhfuil sé ait go gceistíonn daoine an teanga atá á labhairt ar an oiléan seo i bhfad Éireann níos faide ná mar atátar ag labhairt Béarla?

Anois cé a bhí ag labhairt Gaelainn sa tír seo? Bhuel do ghaolta shínsear a bhí á labhairt. Saol símplí a bhí ann, folamh ó theicneolaíocht agus 'channels youtube' iontach ar nós mo cheannsa! Saol símplí a bhí ann, agus ní raibh ann ach sinne agus an timpeallacht, agus sí an Ghaelainn a d'úsáid do shínsear gaol chun maireachatint agus ahhh... a géin, na 'genes', a scapadh go dtí an chéad gliúin eile; sinne! Mar sin, tá sé soiléar go bhfuil páirteanna donár inchinn forbaithe go speisialta chun ár teanga a labhairt.

Agus rud suimiúil a chloisim uaireanta ó dhaoine a labharann dhá theanga, deir siad: "Brathaim ar nós duine difriúil nuair a labharaim an dara teanga"...ach ahh daoine eile atá líofa sa dhá teanga éagsúl, deir siad: "No, braithim ar nós an duine céanna nuair a léimeann ó theanga go teanga. Is cuma, is mise an duine céanna, tá an pearsantacht céanna agam"

Ach ahm theastaigh uaim an pointe seo a thabhairt suas mar nuair atá tú ag foghlam teanga, tá tú ag úsáid páirt difriúil don inchinn, agus níl éan comhcheangal idir na páirteanna son de do cheann agus na páirteanna a úsáideann tú de ghnáth. Is é sin le rá níl néaróga..níl na néaróga ábalta teangamháil le chéile, ach nuair a fhaigheann tú líofa sa dhá teanga, tagann na néaróga seo le chéile, chun teachtaireachtaí a thabhairt le chéile, agus cruthaíonn sé saghas duine iomlán asat arís agus beidh do phearsantacht mar ba cheart do a bheith.

Ach anois táimid ag maireachtaint anseo agus tá an cuid is mó de dhaoine ag fás suas ag labhairt Béarla, agus gan dabhat is mór an trua é seo mar ceapaimse féin go bhfuil páirt don inchinn fhéin caillte mar nilfear ag úsáid na néaróga áirithe go speisificiúl atá i do DNA fhéin a d'úsáid do ghaolta shínsear, tá brón orm.

Ach sin é mo thuairimse. Nuair a chuirtear an cheist seo orm tosnaíonn mo cheann ag pléascadh le na mílte freagraí ach theastaigh uaim mo thuairimí a thabhairt ó thaobh na héabhlóide de, mar cuireann sé seo suim ormsa, ach má tá a thuileadh freagraí don cheist agatsa, cuir sna 'comments' é agus b'fhéidir go ndéanama fís eile lá éigean.

Faoi láthair tá mo 'chomputer' briste, 'so' cheapas go ndéanann fís fós mar tá thart ar céad 'subscriber' agam, agus go raibh maith agaibh go léir as teacht go dtí an 'channel' agus an Ghaelainn a scapadh ar fud na tíre arís mar a bhíodh sé cheana, slán go fóil.

Please donate to me here to help me make more videos. Thank you so much.

No comments:

Post a Comment